Tigh Roy > Ionad Cultúrtha

Cuireann Tigh Roy áiseanna ar fáil inar féidir le daoine tairbhe a bhaint as cultúr Gaelach ar a suaibhneas. Reachtálann Tigh Roy eachtraíocht dheireadh seachtaine do ghrúpaí idir 15 agus 20 ball. Tá yoga, machnamh, ranganna cócaireacht, cnocadóireacht, rince seite, marcaíocht capall, turasanna áitiúla, béilí agus ceol traidisiúnta ar fáil.

Cuir glaoch orm nó téigh i dteagmháil liom tríd an
ríomhphost agus cabhróidh mé leat deireadh seachtaine a eagrú a fhreastalaíonn ar na riachtanaisí atá ag do ghrúpa féin.
Ta an t-ionad suite ag bun na nGaibhlte, i ngleann álainn Eatharlaí, i ndeisceart Thiobraid Árainn. Is iad na Gaibhlte an sliabhraon intíre is airde in Éirinn, agus bhainfeadh an tírdhreach an anáil díot be bharr a chuid áilleachta.

Cuireann Roy Ó Gealbháin fáilte roimh dhaoine go bhfuil spéis acu sa chultúr Gaelach. Bíonn ceardlanna, cursaí agus ranganna ar siúl i ngnéithe áirithe den chultúr san ionad. Tá áras nua tógtha agus má tá fonn ar dhaoine nó grupaí fanacht sa cheantar tá lóistín ar fáil anois. Fáilte roimh chách!

Ó Mheán Fómhair go Bealtaine cuireann Tigh Roy ranganna, cúrsaí agus ceardlanna ar fáil dóibh siúd a bhfuil suim acu i gceol traidisiúnta, Gaeilge agus rince seite.

Gach oíche Dé Máirt bíonn Ciorcal Cómhrá sa Tigh agus fearaimid fáilte roimh dhaoine go bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus í a chur chun cinn. Fáilte roimh gach éinne