Tigh Roy > Ionad Cultúrtha

I 1984 bhunaigh sé a bhuíon féin, Pas de Deux Dance Company, a chuaigh ós comhair an phobail go rialta ag Gailearaí Náisiúnta na héireann agus ag an gCeoláras Náisiúnta (a bhfuil tagairt dó san Encyclopaedia of Ireland). I 1996, d éirigh Roy as an rince gairmiúil chun aghaidh a thabhairt go lánaimseartha ar chur chun cinn an chultúir Ghaelaigh ina ionad nua, Tigh Roy, i nGleann Eatharlaí, Co. Thiobraid árann. Is é seo an chéad ionad cultúir sa cheantar a chuir roimhe an teanga, amhráin, ceol agus rince traidisiúnta a chur chun cinn, agus tríd an idirghníomhaíocht a bhíonn aige leis an gcomhphobal áitiúil agus níos faide i gcéin, tacaíonn sé le grúpaí eile atá ag saothrú sa ghort céanna. Tá sé mar sprioc ag Tigh Roy seans a thabhairt do mhuintir Ghleann Eatharlaí agus tuaisceart na Mumhan cur lena scileanna ceoltóireachta. Déantar iarracht freastal ar réimse leathan stíleanna ceoil i bhformáidí éagsúla ar nós cúrsaí teagaisc, foghlaim neamhfhoirmeálta agus ceolchoirmeacha beo.

An bhliain dar gcionn, bhí Roy i láthair ag oscailt oifigiúil Raidió na Gaelteachta, agus níos déanaí sa bhliain chéanna b é an chéad cheoltóir nach ón nGaeltacht é a craoladh ar an stáisiún. Ó shin i leith, tá Roy tar éis cur lena réimse uilisí, agus tá na píopaí uilinn, an maindilín agus an fhliúit ar a thoil anois aige. D imigh se ar chamchuairt go Ceanada agus na Stáit Aontaithe, áit ar sheinn sé i Halla Charnegie agus in Ionad na gCinnéadach i Washington. Chomh maith leis sin, sheinn Roy ceol Gaelach i mBermuda go minic. Tá sé tar éis filleadh óna thríú cuairt go dtí an Rúis, áit a raibh sé ag ceoltóireacht agus ag reachtáil ceardlann rince. Is rinceoir aonair, rinceoir seite agus rinceoir ar an sean-nós den scoth é Roy. Chomh maith le bheith ina cheoltóir agus ina rinceoir traidisiúnta, d éirigh thar barr le Roy mar rinceoir ballet. D oibrigh sé go gairmiúil leis an Irish Ballet Company agus Dublin City Ballet, agus ina dhiaidh sin bhí sé i bhfeighil ar chúrsaí ballet san Irish Modern Dance Theatre.