maidin.jpg

CD
Dlúthdhiosca
CD

roytory1.jpg Rugadh an ceoltóir agus damhsóir Roy Galvin, stiúrthóir an Ionaid Chultúir Ghaelaigh i Luimneach. Tá an-cháil air mar gheall ar a ionchur in iliomad cláracha teilifíse agus raidió. Sa bhliain dheireannach bunscoile dó, fuair Roy buneolas ceirde i dtaobh an cheoil thraidisiúnta ó Dheirdre O’Brien Vaughan. Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag ceoltóireacht go poiblí, ag soláthar idircheoil ag seisiúin fhilíochta Chiorcal Filíochta Chathair Luimnigh. D’fhoghlaim Roy a chéad phort ón bhfidléir cáiliúil Con Foley agus sar i bhfad bhí sé ag glacadh páirte i seisiúin ar fud Chathair agus Chontae Luimnigh le Donal O’Connor (fidil), Séamus Connolly (fidil), agus Peg Ryan (fliúit) ach go háirithe, a chabhraigh go mór le Roy. Is minic a thug sé cuairt ar Pheig i Murroe i gCo. Luimnigh, áit ar chaith sé tráthnóintí fada ag ceoltóireacht léi. Thart faoin am seo thosaigh Roy ag dul siar go Chontae an Chláir ar thóir seisiún agus is iomaí oíche a chaith sé i dteannta Junior Crehan, Willie Clancy, Micho Russell, agus Tony McMahon. Ba bhreá le Roy foinn mhalla a sheinm, agus tháinig sé go mór faoi anáil Festy Conlan, an ceoiltóir feadóige agus fliúite ó Chonamara. I 1971, bhuaigh Roy Scór, an comórtas ceoil uile-Éireann, le leagan Festy den bhfonn mall An Raibh Tú Ag an gCarraig agus leis an bport Banish Misfortune, a phioc sé suas ón bpíobaire Willy Clancy. Mhol Pilib O’Laoghaire é as a mhothálaí is a bhí a leagan den fhonn mall. An bhliain dar gcionn, bhí Roy i láthair ag oscailt oifigiúil Raidió na Gaelteachta, agus níos déanaí sa bhliain chéanna b’é an chéad cheoltóir nach ón nGaeltacht é a craoladh ar an stáisiún.

Limerick city born musician and dancer Roy Galvin, director of, is well known for his many RTE television appearances and contributions to radio programmes. As a young boy, Roy was introduced to traditional Irish music while in his final year at primary school by harpist and tin whistle player Deirdre O’ Brien Vaughan. Shortly thereafter he started performing in public providing musical intervals between the readings of poetry by the Limerick City Poetry Circle at King John’s Castle. He learned to play his first jig from well known Limerick fiddle player Con Foley and soon after started playing in sessions in and around Limerick city and county with musicians Donal O’ Connor (fiddle), Séamus Connolly (fiddle) and in particular Peg Ryan (flute) who was very generous in helping Roy. He frequently visited her home in Murroe, Co. Limerick and spent many an evening playing music late into the night. Around this time Roy began travelling back to Co. Clare for music sessions and spent many an evening in the company of Junior Crehan, Willie Clancy, Micho Russell, and Tony McMahon. With a love of playing slow airs Roy was hugely influenced by the Connamara tin whistle and flute player Festy Conlan and in 1971 won the All-Ireland Scór music competition playing Festy’s version of the slow air An Raibh Tú Ag an gCarraig along with the jig Banish Misfortune which he picked up from the piper Willie Clancy. Pilib O’ Laoghaire adjudicating remarked on Roy’s sensitive rendition of the slow air. The following year Roy attended the official opening of Raidió na Gaelteachta and was the first non-Gaeltacht musician to play on the radio station later that year.

Roy sa teach tábhairne Gaelach 'Silvers', Nikitsky Periuluk, i Moscó na Rúise

Ó shin i leith, tá Roy tar éis cur lena réimse uilisí, agus tá na píopaí uilinn, an maindilín agus an fhliúit ar a thoil anois aige. D’imigh se ar chamchuairt go Ceanada agus na Stáit Aontaithe, áit ar sheinn sé i Halla Charnegie agus in Ionad na gCinnéadach i Washington. Chomh maith leis sin, sheinn Roy ceol Gaelach i mBermuda go minic. Tá sé tar éis filleadh óna thríú cuairt go dtí an Rúis, áit a raibh sé ag ceoltóireacht agus ag reachtáil ceardlann rince. Is rinceoir aonair, rinceoir seite agus rinceoir ar an sean-nós den scoth é Roy. Chomh maith le bheith ina cheoltóir agus ina rinceoir traidisiúnta, d’éirigh thar barr le Roy mar rinceoir ballet. D’oibrigh sé go gairmiúil leis an Irish Ballet Company agus Dublin City Ballet, agus ina dhiaidh sin bhí sé i bhfeighil ar chúrsaí ballet san Irish Modern Dance Theatre. I 1984 bhunaigh sé a bhuíon féin, Pas de Deux Dance Company, a chuaigh ós comhair an phobail go rialta ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann agus ag an gCeoláras Náisiúnta (a bhfuil tagairt dó san Encyclopaedia of Ireland). I 1996, d’éirigh Roy as an rince gairmiúil chun aghaidh a thabhairt go lánaimseartha ar chur chun cinn an chultúir Ghaelaigh ina ionad nua, Tigh Roy, i nGleann Eatharlaí, Co. Thiobraid Árann. Is é seo an chéad ionad cultúir sa cheantar a chuir roimhe an teanga, amhráin, ceol agus rince traidisiúnta a chur chun cinn, agus tríd an idirghníomhaíocht a bhíonn aige leis an gcomhphobal áitiúil agus níos faide i gcéin, tacaíonn sé le grúpaí eile atá ag saothrú sa ghort céanna. Tá sé mar sprioc ag Tigh Roy seans a thabhairt do mhuintir Ghleann Eatharlaí agus tuaisceart na Mumhan cur lena scileanna ceoltóireachta. Déantar iarracht freastal ar réimse leathan stíleanna ceoil i bhformáidí éagsúla ar nós cúrsaí teagaisc, foghlaim neamhfhoirmeálta agus ceolchoirmeacha beo.

Since then, Roy has added the uileann pipes, mandoline and flute to the instruments he now plays. Roy has toured North America and Canada, including performances at Carnegie Hall, New York, and the Kennedy Centre, Washington. Also, Roy has played traditional Irish music in Bermuda on several occasions. He has recently returned from his third visit to Russia where he performed as a musician and gave workshops in Irish dancing. Roy is an accomplished Irish solo dancer, sean-nós dancer and set dancer. Apart from being a traditional Irish musician and Irish dancer, Roy has also had a successful career as a ballet dancer. Roy has danced professionally with both The Irish Ballet Company and Dublin City Ballet and more recently was ballet master with Irish Modern Dance Theatre. In 1984 he set up his own company Pas de Deux Dance Company which performed regularly at The National Gallery of Ireland and also at The National Concert Hall. (referenced in The Encyclopaedia of Ireland). In 1996 Roy retired from the world of professional dance to concentrate on the promotion of Irish culture at his new centre, , in the Glen of Aherlow, south Tipperary. Roy’s CD ‘Roy Galvin i gcomhluadar’ can be purchased online.


 


Seoladh / Address                            Guthán-Idirlíon / Phone-Internet

Tig Roy,                                          Guthán: 062-37032
Ionad Chultúir Gaelach,                 Guthán soghluaiste: 087-2572281
An Gallbhaile,                                 Ríomhphoist/E-Mail: tigroy@eircom.net
Chontae Thiobraid Árann,              Suíomh Idirlíon/Webpage: www.tigroy.com Éire.

arais